6 Nations Babhta 2

6 Nations Babhta 2

6 Nations Babhta 3

Is in aghaidh na hIodáile a bhí mná na hÉireann agus iad sa tóir ar an triú áit i gComórtas 6 Nations an deireadh seachtaine seo. Bhí Jeff Neville ó the Loose Head agus imreoir na hÉireann Niamh Dhroma linn chun na mór phointí a phlé.  

Super League ina Smidiríní

Bhí tús agus deireadh leis an European Super League an tseachtain seo agus chun na mór phointí agus roinnt féidearthachtaí sa todhchaí a phlé bhí Emmet Ryan linn ó The Business Post.  

6 Nations na mBan Babhta 1

Chuir foireann rugbaí na mban tús láidir lena bhfeachtas 6 Nations ag an deireadh seachtaine agus bhí Jeff Neville ó the Loose Head agus Deirbhile Nic an Bháird, imreoir na hÉireann linn chun an cluiche a phlé.  

Laochra Haca, Niamh, Michelle agus Naomi

Tar éis sraith cluichí i gcoinne na Breataine, labhair Naomi Carroll, Michelle agus Niamh Carey linn mar gheall ar an mbua agus an sraith ar fad, an samhradh seo leis na Olympics agus Cluichí na hEorpa, scoil, traenáil agus neart eile.  

Sinéad Wylde na Dubs

Labhair imreoir BÁC Sinéad Wylde le Cárthach faoi feachtas díomách BÁC sa chraobh camogie i 2020, dóchas do 2021 agus ag imirt an chód lena club Cuala.  

6 Nations Babhta 5

deireadh tagtha le feachtas na hÉireann i gCraobh na Náisiún le bua i gcoinnne Sasana. Bhí Jeff Neville linn ó The Loose Head chomh maith le iar-imreoir na hÉireann agus Connacht Ronan Loughney chun a dtuairimí a roinnt linn agus na mór scéalta a phlé.  

6 Nations Babhta 4

Tar éis críoch drámatúil in Albain, labhair muid le Jeff Neville ó The Loose Head agus le Marcus Ó Buachalla, tráchtaire TG4, faoin gcluiche agus na scéalta móra ar fad.  

Cheltenham Lá 4

Bhí Evelyn Ghrallais agus Aodán Ó Scaithghil arais linn ag plé mór an Gold Cup agus an féidir le Al Boum Photo stair a churthú.  

Cheltenham Lá 3

Bhí Evelyn Ghriallais agus Aodán Ó Scaithghil linn chun a trí a phlé ag féile mór Cheltenham an tseachtain seo.  

Cheltenham Lá 2

Sarah Lynam agus Paddy Ó Gríofa ag plé rásaí móra ar an dara de fhéile Cheltenham.  

Cheltenham Lá 1

Bhi Sarah Lynam agus Paddy Ó Gríofa linn ag plé rásaí an Mháirt. Rása mór an lae an Champion Hurldle le Honeysuckle mar rogha na n-údar.  

Scéalta Móra agus All Stars san NBA

Bhí James Ó Flatharta agus Conall Mac Dhonnagáin linn chun na scéalta móra a phlé agus an séasúr NBA tagtha ag cluiche na All Stars.  

Robbie Benson, máistir St Pats

Labhair fear lár páirce St Pats Robbie Benson linn an tseachtain seo faoi an pre-season atá ag teacht chun críche, na laethanta iontach san Eorap le Dundalk, ag imirt faoi Stephen Kenny, agus an séasúr amach romhainn le St Pats.  

6 Nations Babhta 3

Bhí Jeff Neville ó The Loose Head agus Cuán Ó Flatharta ó Spórt Tg4 linn ag caint faoi bua sa Róimh, cluiche craicáilte i gCardiff agus scéalta eile na deireadh seachtaine.  

Jack Savage

Labhair fear Chiarraí Jack Savage linn faoi a chomhlacht nua, an t-ocras agus é ag iarraidh bheith ar ais i ngeansaí Chiarraí, an scoil agus neart eile.  

Brian O Malley i mbun Haca

Labhair Brian O Malley linn faoi ag imirt haca san Astráil, i UCD le na chlub agus anois san Ísiltír, a chuid taithí ag imirt CLG agus an brionglóid geansaí na hÉireann a chaitheamh go fóill.  

Chloe agus an Monaghan Takeover

Labhair imreoir Mhuineachán Chloe Nic Giolla Bhríde le Cárthach faoi Craobh 2020, traenáil i 2021 agus an feachtas atá ar bun ag Monaghan LGFA an tseachtain seo.  

Leadóg agus an Australian Open

Bhí Eoin Keane agus David Gough linn ag plé na cluichí móra san Astráil agus an Australian Open ag teacht chun críche an tseachtain seo.  

6 Náisiún Babhta 2

Bhí Jeff Neville ó The Loose Head linn arís chun na cluichí ó bhabhta a a phlé, cluiche na hÉireann in aghaidh na Fraince ach go háirithe.  

Babhta 1 de na 6 Náisiún

Bhi Colm de Buitléar imreoir chúige Chonnacht agus Jeff Neville ón Loose Head linn ag plé cluichí móra i mbabhta a 1 den 6 Náisiún.  

Superbowl LV

Ar an Domhnach cluiche mór an NFL ar bun agus bhí Emmet Ryan agus Naoise Waldron linn chun na mór phointí a phlé.  

Joe Coll, ó DnaG go Man U

Labhair Joe Coll linn faoi a thréimhse ag imirt le Manchester United, ag buachaint an Youth Cup le United in éindí le cúpla réalt, ag fágáil slán leis an club, ag teacht abhaile, ag dul ar ais ar scoil agus é 21, agus an bród a bhí air ag caitheamh geansaí glas na hÉireann.  

Éanna Ó Conchúir - Peil, Coppers agus Beo Fitness

Labhair fear na Gaeltachta Éanna Ó Conchúir le Cian agus Cárthach faoi a ghnó nua Beo Fitness, Cúrsaí Peile le Club, Contae agus DCU.  

Craobh NFC agus AFC i Meiriceá

Dhá chluiche mhór ar an Domhnach agus cluichí craobha an AFC agus NFC ar súil. Bhí na saineolaithe Emmet Ryan agus Naoise Waldron linn chun iad a phlé.  

Cluichí Ceannais Peil na mBan TG4

Bhí Emer Gallagher lánchúlaí Dhún na nGall agus Colleen Barret iar-imreoir Bhaile Áth Cliath linn ag plé cluichí ceannais Sinsir agus Idirmheánach na deireadh seachtaine. Freisin agallamh le cosantóir Bhaile Átha Cliath Muireann Scanaill agus tosaí an Iarmhí Sarah Dolan.  

Jason Gillane leaid Luimnigh

Labhair Jason Gillane linn maidir leis an séasúr club, ag imirt idir-chontae lena dheartháir, an sliotar buí agus a chuid ama ar phainéal shinsir Luimnigh  

Peil Idirchondae arais!

Súil siar le Brian Barry ó Sky Sports ar chluichí peile na deireadh seachtaine agus Darragh Ó Brien ag caint linn tar éis bua an tSathairn.  

Síofra Cléirigh Büttner i mBoston

Labhair Síofra Cléirigh Büttner linn faoi bheith ag rith do Ollscoil Villenova, sna World Championships i ngeansaí na hÉireann, anois le New Balance Boston agus neart neart eile.  

Meadbh de Burca agus Foireann Sacair Na mBan

Labhair muid le Méabh De Búrca maidir leis an cluiche mór Sathairn agus foireann na mBean sa tóir ar áit i gCraobh an Domhain.  

Joe agus an US Open

Labhraíonn Joe linn faoi thús maith Rory, go mbeidh an cúrsa deacair ag an deireadh seachtaine, agus eile atá seans acu ar an Domhnach.  

Weekly Motivation by Ben Lionel Scott
Holy Quran مصحف الشيخ/ماهر المعيقلي
TED Talks Daily
القرآن الكريم The Noble Quran
The Mindset Mentor
Anything Goes with Emma Chamberlain
E
تلاوات خاشعة
Stories Of The Soul Podcast
اناشيد اسلامية